Your trusted Irish source for film news, reviews and features.

Galway 2015: “An Fleadh, dar le Lisa”

This is a guest post “as gaeilge” from Lisa Madden who also recently visited the Galway Film Fleadh. Read all our coverage here.


D’éirigh liom dul chomh fada le Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana, faoi dheireadh, agus tuigim anois an méid a bhí i gceist ag daoine agus iad ag caint le cion faoin bhféile seo. Shroich mé Gaillimh timpeall am lóin Dé hAoine (10 Iúil). Bhí an fleadh ar siúl ó bhí Dé Máirt na seachtaine sin ann – chaill mé an-chuid, ach bhí an-chuid fós le teacht.

Nancy Corrigan - Spéirbhean Acla

Nancy Corrigan – Spéirbhean Acla

D’imigh mé díreach chuig an gcéad scannán ar mo liosta – Nancy Corrigan – Spéirbhean Acla. Bhí sé seo sa chuid sin den fhéile dar teideal “On The Box”. Bhí an scannán faisnéise seo le feiceáil ar TG4 cheana, ach ní fhaca mé é agus mhúscail an cur síos suim ionam. Bean óg a d’fhág Acaill sna 1920idí agus a d’fhág rian nach beag ar dhomhan na heitilte i Meiriceá. Éacht dochreidte do bhean ag an am sin fiú foghlaim conas eitilt gan trácht ar na héachtaí ar a bharr sin a bhain Nancy amach. Scéal den chéad scoth a bhí sa scannán seo, ach ós rud é gur gaol le Nancy a insíonn an scéal agus a théann sa tóir ar na sonraí breise, bhraith mé go raibh sé róchosúil le heipeasóid Who Do You Think You Are? (is aoibhinn liom Who Do You Think You Are?, dála an scéil!).

Scannán faisnéise eile a chonaic mé ná Deoch an Dorais – ceann eile faoi dhuine eisceachtúil, ach tarraingíodh isteach i scéal an scannáin seo mé láithreach. Scéal iontach curtha ar an scáileán go healaíonta ag Paddy Hayes – scéal tragóideach atá ann, i ndáiríre, ach dírítear sa scannán ar an ngreann a bhaineann leis. Rinneadh iarracht iliomad uaireanta deireadh a chur le saol Mike Malloy agus “cairde” leis ag súil le hairgead a bhailiú ón bpolasaí árachais caolaoiseach a thug siad amach air, ach theip orthu arís agus arís eile. Tá saineolaithe den scoth le cloisteáil i rith an scannáin agus thaitin na seatanna ar an stíl CSI atá le feiceáil agus na saineolaithe sin á gcur in aithne go mór liom. Finscéal atá in Mick Malloy, nó an “Rasputin of the Bronx”, mar sin, ní dóigh liom gur ag lot an scéil a bheidh mé má deir mé gur éirigh leo Mick a mharú sa deireadh, ach filleann an feall ar an bhfeallaire agus cuireadh chun báis “The Murder Trust”.

Bhí an téama sin le feiceáil arís in The Last Executioner, stiúrtha ag Tom Waller, fear a bhfuil máthair Téalannach agus athair Éireannach aige. Bunaithe ar fhíorscéal Chavoret Jaruboon an machine-gun executioner deireanach i bpríosún i mBangkok, caitear súil sa scannán seo ar na codanna den saol atá liath.

unhinged

Unhinged

Ach, ar ndóigh, ní gá breathnú ar scannán eachtrannach le gruaim, brón agus dorchadas an tsaoil a bhlaiseadh. D’fhreastail mé ar ghearrscannáin Bhord Scannán na hÉireann – an chéad uair ar an scáileán ag gearrscannáin a rinneadh mar chuid de na scéimeanna Signatures, Frameworks agus Gearrscannáin agus as aon scannán déag, bhí ocht gcinn acu gruama, brónach nó lán dorchadais. Ach, tosóimid le ceann sona agus greannmhar sula luímid isteach ar an gcruatan – Unhinged. Beochan álainn faoi na créatúiríní is cúis leis an ndíoscadh i ndoirse – thit mé i ngrá leo láithreach! Bhain an scannán sin duais amach ag an bhfleadh agus tuillte go maith aige.

Beochan eile a rug greim orm láithreach ná Geist, ach i mbealach iomlán éagsúil. Scéal an-bhrónach faoi fhear a éalaíonn chomh fada leis an teach folamh seo nuair a bhíonn timpiste báid aige, ach tosaíonn rudaí aisteacha ag tarlú. Beochan an-réalaíoch a bhí sa cheann seo agus bhuaigh sé duais chomh maith – roghnaigh mé lá maith ó thaobh na ngearrscannán de! Ansin, chuaigh dhá scannán maidir leis an gcaidreamh idir mháthair agus pháiste a bhfuil riachtanais speisialta air i bhfeidhm go mór orm. Bhain an chéad cheann, Maidhm, leis gcaidreamh idir mháthair agus mhac a bhfuil uathachas air – léiriú den scoth ag an leaid óg atá i bpríomhról an scannáin seo agus léiriú ar an uathachas agus an tionchar a bhíonn aige, ní hamháin ar an duine féin, ach ar an teaghlach ar fad. Agus ansin, How Was Your Day? – bhí tionchar mór ag an gceann seo orm, caithfidh mé a rá. Tá cailín beag ag an mbean seo, cailín a bhfuil fadhbanna forbartha aici – scannán é seo nach seachnaíonn léargas a thabhairt ar na mothúcháin sin nach bhfuil ceaptha a bheith ag máthair faoina páiste.

Má bhí ionadh orm faoin méid is féidir a rá i ngearrscannán, bhí ionadh an domhain orm nuair a chonaic mé an méid is féidir a rá in aon nóiméad amháin. D’fhreastail mé ar an One Minute Film Festival – does exactly what it says on the tin! 30 scannán taobh istigh de leath uair an chloig. Anois, bhí cuid acu níos fearr ná a chéile, ar ndóigh, mar sin díreoimid ar na cinn mhaithe agus ar na cinn atá sona (bhí a dhóthain againn den chrá croí go dtí seo)! Bhí ceann greannmhar ann faoin “ngrá aon oíche”, ceann a thosaigh amach mar scannán uafáis ach a chríochnaigh mar scannán faoi thimpiste cócaireachta, ceann faoi chnaipe nár cheart do dhaoine a bhrú (leid: brúnn sé an cnaipe), ceann faoin ngramadach (thaitin an ceann sin go mór liomsa) agus ceann faoin gcaidreamh idir bhuachaill óg agus róbat (fuair an ceann sin an duais don scannán nóiméid is fearr).

Ar ais go dtí na fadscannáin anois, trí scannán mhóra eile sa fhleadh i mbliana ná Older Than Ireland, an ceann is mó a thaitin liom as na cinn ar fad a chonaic mé (léigh léirmheas Carol ar an gceann sin anseo); You’re Ugly Too, dhá thaispeántas mhaithe ó bheirt Éireannach agus An Klondike, an chéad scannán buachaillí bó as Gaeilge agus an ceann a chur clabhsúr leis an bhfleadh ar fad (léigh mo léirmheas féin ar an gceann sin anseo).

Ní ag déanamh áibhéile atá mé anois, ach táim ag súil go mór cheana féin le fleadh na bliana seo chugainn – cé mhéad lá atá fágtha??

The following two tabs change content below.
This post is by a guest contributor writing for Spooool.ie. If you'd like to write something for us why not get in touch on the contact page.

Latest posts by Guest Contributor (see all)