Your trusted Irish source for film news, reviews and features.

Galway 2015: An Klondike

This is a guest post “as gaeilge” from Lisa Madden who also recently visited the Galway Film Fleadh. Read all our coverage here.


an klondike

★★★

Chuir An Klondike clabhsúr le Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana, an chéad scannán buachaillí bó déanta in Éirinn agus as Gaeilge. Ní déarfainn go bhfuil mé mar bhall de lucht leanúna na scannán buachaillí bó ar chor ar bith, ach seans go bhfuil athrú ag teacht air sin! Chonaic mé Slow West le déanaí agus bhain mé an-taitneamh as. An íomhá a bhí agamsa i gcónaí de scannáin buachaillí bó ná torann, béiceadh agus bang bang bang ó thús go deireadh, ach bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist le Slow West agus leis An Klondike.

Tá triúr deartháireacha (Owen McDonnell, Dara Devaney agus Sean T. Ó Meallaigh) ó Ros Muc sa tóir ar ór in Dominion, ach éiríonn leo namhaid a dhéanamh den fhear atá i gceannas ar an mbaile, Jacob Hopkins, a bhuí le Séamus (Dara Devaney). Cé go gcruthaíonn Séamus go leor trioblóide, bíonn cion againn ar an rógaire mar sin féin.

“Súil eile” ceart ar shaol na mbuachaillí bó atá sa scannán seo, léargas nach bhfuil feicthe againn cheana, ach fíor-léargas ar thaithí na nÉireannach ag an am sin. Ní le brownie points a ghnóthú atá an Ghaeilge sa scannán, ach léiriú ar an mbealach a bheadh lucht na hÉireann ag caint ag an am sin, Gaeilge eatarthu féin agus Béarla leis na daoine eile timpeall orthu. Tá greann sa scannán – chuir sé mé ag gáire níos mó ná uair amháin. Tugtar léargas ar an domhan míréalaíoch seo, lán le foréigean, gan mórán rialacha (rialacha a leanann daoine, cibé) agus lán le daoine nach bhfuil a fhios acu, dáiríre, céard atá ar siúl acu.

Ar éirigh leis an stiúrthóir, Dathaí Keane, a chur ina luí orainn go bhfuilimid sa Wild West cé go ndearnadh an taifeadadh ar fad taobh amuigh d’Uachtar Ard? D’éirigh! Tá cuma iontach ar an scannán- is léir gur caitheadh an-dua leis an seit. Chreid mé sa domhan agus chreid mé, go pointe, sna carachtair, ach táim ag súil go mór le haithne níos fearr a chur orthu sa tsraith de cheithre chlár uair an chloig a bheidh le feiceáil ar TG4 níos déanaí i mbliana.

The following two tabs change content below.
This post is by a guest contributor writing for Spooool.ie. If you'd like to write something for us why not get in touch on the contact page.

Latest posts by Guest Contributor (see all)