Your trusted Irish source for film news, reviews and features.

ADIFF 2016: Fís na Fuiseoige

 This is a guest post “as Gaeilge” from Lisa Madden

. .

Fís na Fuiseoige

Féasta Físe – ★★★★

D’fhreastail mé ar Fís na Fuiseoige agus é ar siúl ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath (ADIFF). Ní raibh mórán ar eolas agam faoi roimh ré, ach amháin go mbeadh seatanna den scoth ón aer le feiceáil ann. Ach, níor thuig mé cé chomh álainn agus a bheadh na seatanna céanna. Is fiú breathnú ar an scannán seo gan éisteacht leis fiú!

Tá seatanna áille den tír le feiceáil, agus ní hamháin áiteanna faoin tuath, ach cathracha freisin – ní fiú domsa mórán eile a scríobh fúthu, is gá iad a fheiceáil len iad a chreidiúint. Ach, cé go bhféadfá díreach tú féin a chailleadh san fhís, tá neart sa scannán is fiú éisteacht leis. Pléann Gearóid Mac Lochlainn, Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus filí eile na linne seo an nasc atá againn leis an talamh ar a mairimid, nasc a théann siar na céadta, céadta bliain. Tá plé mór ann chomh maith ar na logainmneacha – an méid atá le foghlaim uathu, á n-úsáid san fhilíocht agus an méid a chaileann muid nuair nach dtuigeann muid iad. Eochairfhocal an scannáin ná dinnseanchas.

An t-aon rud nár thaitin liom faoin scannán ná na fotheidil – cuireann siad isteach ar na híomhánna agus tú ag iarraidh lán do shúl a bhaint astu. Coinnígí súil amach do Fís na Fuiseoige ag na féilte scannán – cé go mbeidh sé le feiceáil ar TG4 amach anseo, is fiú go mór an ceann a fheiceáil ar an scáileán mór.

email
The following two tabs change content below.
This post is by a guest contributor writing for Spooool.ie. If you'd like to write something for us why not get in touch on the contact page.

Latest posts by Guest Contributor (see all)

 
Comments

No comments yet.

Leave a Reply