Your trusted Irish source for film news, reviews and features.

Spongebob Squarepants: Spúinse as Uisce

Aoi-léirmheas de chuid Lisa Madden atá sa phostáil seo. Tá Lisa ag obair i Raidió na Life agus déanann sí léirmheasanna scannán ar Splanc ar Newstalk.

. .

spongebob

★★★

Ní raibh mé riamh i bpictiúrlann iomlán folamh go dtí go bhfaca mé an scannán seo. Bhuel, is bréag é sin. Bhí teaghlach ann nuair a chuaigh mé isteach ar dtús, ach chomh luath agus a thug siad faoi deara nach i mBéarla a bhí an chaint, d’imigh siad! Eispéireas faoi leith atá ann a bheith go huile is go hiomlán leat féin sa phictiúrlann.

Tá gach rud go breá in Bikini Bottom – tá Spongebob ag obair leis in Krusty Krab ag déanamh burgar gach lá, ach, ar ndóigh, ní bhíonn a namhaid, Planctón riamh i bhfad ar shiúl agus é sa tóir ar an oideas rúnda. Tá sé ar tí an t-oideas a sciobadh faoi dheireadh, ach, go tobann, imíonn sé, gan tásc ná tuairisc. Tuigeann Spongebob nach bhfuil Planctón tar éis a lámha a fháil ar an oideas, ach, ceapann gach duine eile in Bikini Bottom gurb é Planctón atá ciontach. Ní féidir le Spongebob ná le Mr Krabs burgair Krabby Patty a dhéanamh gan an t-oideas agus éiríonn lucht Bikini Bottom an-fheargach. Bíonn círéib cheart ann. Beartaíonn Spongebob iarracht a dhéanamh oibriú in éineacht le Planctón leis an oideas a fháil ar ais ionas gur féidir leis gach rud a chur ar ais ina gceart in Bikini Bottom. Níl Planctón cleachta ar bheith ag obair “le chéile” le duine ar bith eile, áfach!

Bíonn neart eachraí spéisiúla ag an mbeirt, amthaisteal san áireamh (buaileann siad leis an ndeilf seo ag pointe amháin agus ní féidir liom cur síos níos fearr ná osréalach a thabhairt ar an gcuid sin den scannán)! Bíonn deis ag Planctón an taobh istigh d’intinn Spongebob a fheiceáil agus tá gach rud chomh milis sin go ndeir sé féin “Tá tinneas fiacaile i mo shúil agam!”. Tá an scannán craiceáilte agus ní fhéadfaimis a bheith ag súil le rud ar bith eile ó scannán de chuid Spongebob, ach tá sé craiceáilte i mbealach iontach. Tá dream faoileán sa scannán a chuirfidh ag gáire tú, gan amhras agus is aoibhinn liom gurb é an rud a dhéanann Spongebob agus é an-fheargach sa scannán ná gnáthbhruscar a mheascadh leis an méid atá le hathchúrsáil. Ní thógann sé é féin ródháiríre mar scannán, ach an oiread. Agus iad ar tí a bheith “as uisce” (agus ní chaitheann siad mórán ama as uisce sa deireadh), fógraíonn urlabhraí na gcarachtar “tánaisteach” gur cheart dóibhsean dul ar ais go Bikini Bottom – ní bheidh siadsan ag dul ar an gcéad aistear eile.

Bhain mé taitneamh as an scannán, gháir mé agus cuireadh ionadh orm in áiteanna. Táim cinnte go dtaitneodh sé le lucht leanúna an chartúin ar TG4 agus is iontach an rud é go bhfuil deis acu an fad scannáin a chloisteáil sa teanga chéanna leis an gcartún a leanann siad ar an teilifís. Agus, dála an scéil, is é Marcus Lamb (a bhí le feiceáil le déanaí sa tsraith Charlie ar RTÉ) a ghlacann ról Spongebob agus is é Lochlainn Ó Mearáin (Lochlainn, a bhíonn ag insint dúinn ar fad chomh iontach agus atá uaineoil, liamhás, bagún agus sicín ar na fógraí sin) a ghlacann ról Patrick sa tsraith agus sa scannán.

Spongebob Squarepants: Spúinse as Uisce le feiceáil i bpictiúrlanna fud fad na tíre. Tá liosta le fáil anseo.

email
The following two tabs change content below.
This post is by a guest contributor writing for Spooool.ie. If you'd like to write something for us why not get in touch on the contact page.

Latest posts by Guest Contributor (see all)

 
Comments

No comments yet.

Leave a Reply