Your trusted Irish source for film news, reviews and features.

Galway Film Fleadh 2017: Aithrí [Penance]

This is a guest post “as gaeilge” from Lisa McGeough who also recently visited the Galway Film Fleadh. Catch all of our Galway Film Fleadh 2017 coverage

* *

penance_peter-coonan-image-1

Aithrí a bhí ann, ceart go leor – ★★½

Bhí mé ag súil go mór leis an scannán seo a fheiceáil ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Thaitin scannáin eile de chuid Tom Collins go mór liom; Kings agus An Bronntanas. Ach, faraor, ní scannán ar an gcaighdeán sin a bhí romham an uair seo.

1916. Úsdáideann An tAthair Eoin O’Donnell (Peter Coonan) an tionchar atá aige mar shagart le daoine a spreagadh foréigin a úsáid i gcoinne na Sasanach agus bíonn tionchar faoi leith aige ar leaid óg, Antaine (Padhraig Parkinson). 1969. Tagann Antaine (Barry McGovern, an uair seo) chomh fada le Doire agus casann sé leis an Athair Eoin O’Donnell (Terry Byrne, an uair seo) arís.

Bhí sé deacair an scéal seo a cheidiúint, bhí sé áiféiseach, agus mar sin, níor bhain mé taitneamh as an scannán ar an iomlán. Bhí sé leadránach in áiteanna, agus cé nach bhfuil ann ach 85 nóiméad, bhraith mé go raibh an scannán fada. Ach, thaitin sé liom gur meascán den Ghaeilge agus den Bhéarla a bhí sa scannán, bhí sin nádúrtha agus d’oibrigh sé go maith.

B’fhéidir go raibh mó sháith agam de scannáin agus de chláracha faisnéise faoi 1916 anuraidh agus b’fhéidir go mbeadh sé seo níos oiriúnaí dá mbeadh sé le feiceáil i bhFleadh na bliana seo caite – bhí sé rud beag cosúil le breathnú ar scannán Nollag i mí Iúil.

**

Director Tom Collins
Cast Peter Coonan,Terry Byrne,  Barry Barnes & Diona Doherty
Script Greg O’Braonáin & Tom Collins
Producers Tom Collins & Edwina Forkin
Year 2017
Country Ireland
Duration 85min

Irish cinema release date unknown at this time.

email
The following two tabs change content below.
This post is by a guest contributor writing for Spooool.ie. If you'd like to write something for us why not get in touch on the contact page.

Latest posts by Guest Contributor (see all)

 
Comments

No comments yet.

Leave a Reply